Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 40:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 An bhfuil lámh agad mar ata ag Día? nó an bhféadann tú tóirneach do dhéanamh lé guth mar eision?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 40:9
18 Tagairtí Cros  

An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.


Éist le glór a ghutha, Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.


Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?


Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.


Tá glór an Tiarna go cumasach, tá glór an Tiarna go maorga.


Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.


Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.


Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.


Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna; rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid.


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí