Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 40:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 An ccuirfe tusa fós mo bhreitheamhnus ar ccúl? an ndaimneocha tú mé, dot bheith féin ionnruic?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 40:8
20 Tagairtí Cros  

An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?


Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.


Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.


Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.


Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.


Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.


Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.


An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas? An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?


Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.


Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart, cé a leomhfadh a chur ar ceal? Má shíneann sé amach a lámh, cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?


brisfear bhur gconradh leis an mBás, agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh. Nuair a thagann rabharta an aimhlis, brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;


Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”


Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.


Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.


Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí