Salm 29 - An Bíobla Naofa 1981Glóir Dé san Anfa Toirní 1 Salm le Dáiví 1 Salm le Dáiví 1 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé, tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht! 2 Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa. 3 Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra. 4 Tá glór an Tiarna go cumasach, tá glór an Tiarna go maorga. 5 Briseann glór an Tiarna na céadrais, briseann sé céadrais na Liobáine. 6 Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna agus Sirión ar nós ógdhaimh allta. 7 Adhnann glór an Tiarna splancacha tine: 8 croitheann glór an Tiarna an fásach, cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith. 9 Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall. 10 Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách. 11 Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart