Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 37:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Tóirnighidh Día go hiongantach le na ghuth; do ní sé neithe móra, nach bhféuduimne do thuigsin.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 37:5
18 Tagairtí Cros  

An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?


Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?


Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.


Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!


An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú, Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?


Éist le glór a ghutha, Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.


Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.


An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?


(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)


Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse Agus iontais thar áireamh.


Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.


Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.


Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.


An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.


Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!


agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí