Iób 24:23 - An Bíobla Naofa 1981 Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bíodh gur tugadh dhó bheith a ndaingean, ar a mbí a shuáimhneas; thairis sin bíd a shúile ar a slighthibhsion. |
Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.
Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile.
Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.
Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;
“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”
Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.
Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.
Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?
Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.