Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Amos 9 - An Bíobla Naofa 1981


An Cúigiú Fís

1 Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.

2 Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.

3 Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.

4 Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”

5 An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.

6 Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.

7 “Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?

8 Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,” a deir an Tiarna.

9 “Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.

10 Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh, iadsan a deir: ‘Ní bhéarfaidh an t‑olc orainne ná ní thiocfaidh sé fhad linn.’ ”


Dúnadh: Athbhunú Iosrael

11 “An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

12 ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,” a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.

13 “Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna, “nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.

14 Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.

15 Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iad ón tír atá tugtha agamsa dóibh,” a deir an Tiarna, bhur nDia.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí