Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 9:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 A sé do ní a sheomradha annsna neamhuibh, agus do shuidhigh a shlúagh annsa talamh; an té ghoirios air uisceadhuibh na fairge, agus dhóirtios amach íad air adhaigh na talmhan: Isé an TIGHEARNA a ainm.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 9:6
9 Tagairtí Cros  

Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.


Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe; líontar an talamh de thoradh do shaothair.


thóg tú d'áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.


Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí