Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 9:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do chonnairc mé an TIGHEARNA na sheasamh air a naltóir: agus a dubhairt sé, Buáil an fárdorus, chor go ccroithid na postadha: agus géarr annsa chionn íad, iad uile; agus muirfidh misi an deighionach dhíobh leis an ccloidheamh; an té theithfios díobh ní rachfuidh sé as, agus an té rachfus as, ní sáorfuighear é.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 9:1
28 Tagairtí Cros  

Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé.


Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne; tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.


Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh; baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.


Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!” Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! “I gcarbaid mheara a theithfimid!” Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!


An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:


Ar an ábhar sin - is mar seo a deir an Tiarna - tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.


Má chuireann sibhse bhur n‑aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n‑eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin.


An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe - an Tiarna a labhraíonn.


An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.


D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.


Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,


Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D'imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis.


An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.


Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”


Creachfar áiteanna arda Íosác; bánófar sanctóirí Iosrael nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”


Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah


An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’


Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.


Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d'aithris.


Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.


nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois.


“Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.


Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;


Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí