Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 9:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 “An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Dháibhi do thuit, agus druidfidh mé súas a bheárnadha; agus cóireacha mé ar thuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéthibh a nallód:

Féach an chaibidil Cóip




Amos 9:11
37 Tagairtí Cros  

Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.


Is cuimhin liom na laethanta fadó; déanaim machnamh ar d'oibreacha go léir. Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh


Shín sí a craobhacha chun na mara; agus leath sí a bachlóga chun na habhann.


Bhris tú do chonradh le do ghiolla; agus thruailligh tú a choróin sa deannach.


is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”


Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.


Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.


Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse: Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir iad féin agus tréadaí a thréada? Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;


Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh.


Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú;


Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.


Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.


Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort; athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód.


Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”


Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht; an lá sin leathnófar do chríocha.


Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.


Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.


“Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá.


Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.


agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.


Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí