Amos 8 - An Bíobla Naofa 1981An Ceathrú Fís 1 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí. 2 “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó. 3 Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, - is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn - beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm. Caimiléirí 4 Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú. 5 Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí, 6 go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t‑ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol? 7 Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu. 8 Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte? Bagairtí Eile 9 An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil. 10 Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh. 11 Féach, tá na laethanta chugaibh, a deir an Tiarna Dia, nuair a chuirfidh mé gorta sa tír, nach gorta bia ná dí é, ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna. 12 Tuisleofar ó fharraige go farraige; seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air. 13 An lá sin titfidh idir chailín deas agus bhuachaill breá i laige le tart. 14 An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart