Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Is marso do thaisbéin an Tighearna DIA dhamsa: agus féuch clíabh do thoradh samhruigh.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 8:1
6 Tagairtí Cros  

Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom: Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí i dtosach an athfháis - ba é an t‑athfhás é a eascraíonn nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.


Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.


“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí