Iób 21:18 - An Bíobla Naofa 1981 An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atáid mar chonnlach ar aghaidh na gaóithe, agus mar lóchán bheirios an stoirim lé. |
Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.
Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é, Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.
an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbh ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”
Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt; scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.
Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.
Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. Agus go tobann, gan choinne,
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí,