Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 17:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Lingfid na cineadhacha amhuil búaidhreadh móráin uisgeadh: achd imdheargfuidh Día íad, agus teithfid a bhfad úadh, agus díbeorthar íad mar lóchán na slíabh roimhe a ngaóith, agus amhuil líathróid roimhe an ngaoith nguairdéain.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 17:13
33 Tagairtí Cros  

An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?


Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”


Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! ach mar cháith a scaiptear le gaoth.


Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu amhail cáith roimh an ngaoth;


Daingníonn tú na sléibhte le do neart ar do chrioslú le cumhacht.


Maolaíonn tú fothram na farraige agus torann na dtonnta agus gleo na gciníocha.


Óir phléigh tú mo chúis go cothrom, i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.


An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’


Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha.


Corann agus cornann sé thú i do chorna, agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach. Is ann a gheobhaidh tú bás, agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu; tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”


An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.


Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. Agus go tobann, gan choinne,


Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha.


Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.


Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige! níl iontu ach deannach ar an ainsiléad. Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.


Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.


Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.


cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne uiscí tréana domhaine na hAbhann (rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán). Sceithfidh sí as a grinneall agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;


Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.


sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith, sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh, sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí