Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 10:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Mar imthighios an gháoth ghuáirdeáin, mar sin ni bhíonn an drochdhuine ní sa mho: acht is bunáit shíorruidhe an tionnruic.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:25
20 Tagairtí Cros  

Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.


Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.


An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?


Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.


nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.


Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.


Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.


Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.


Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair, ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.


Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.


Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo; ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.


Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.


Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.


Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.


agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre.


Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí