Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
Iób 10:9 - An Bíobla Naofa 1981 Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cuimhnigh, íarruim dathchuinge ort, go ndéarna tú mé mar an ccriáidh; agus an mbéara tú chum an luáithrigh a ris mé? |
Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”
Féach ní [dia] mise, ach duine mar thú féin. Dealbhaíodh mise as an gcré, do dhála féin.
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála; Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.
Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
Doirtear amach mé mar uisce, tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile. Is cosúil mo chroí le céir arna leá i lár mo chléibh.
Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?
sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm, ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat, óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn, agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.
“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.
An amhlaidh nach bhfuil d'údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna?
Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.