Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 45:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 A mhairg don té throideas ré na Chruthaightheoir! Déanadh an pota bruighean re potuighibh don talamh. A naibéora an chré ris an té chumas í, Créd do ni tú? nó hobairse, Ní bhfuilid lámha aige?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 45:9
22 Tagairtí Cros  

Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom?


Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.


An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?


Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?


Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.


An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.


Bunoscionn atá cúrsaí agaibh! An ionann an criadóir agus a chuid cré? An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta: “Ní dá dhéanamh siúd mise”? nó don bpota a rá faoin bpotaire: “Níl ceird ar bith aige”?


Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?” nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?”


Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm, ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat, óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn, agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.


Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.


“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.


Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí