Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 34:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Gheobhadh gach feoil bás, Agus d'fhillfeadh an duine ar an gcré.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Díoghbháighfidh sé a nuile fheóil le chéile, agus fillfidh an duine a rís chum lúaithrigh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 34:15
12 Tagairtí Cros  

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”


D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.


Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.


Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom?


Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.


Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:


Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.


Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.


sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.


Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!


Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí