Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An maith dhuit féin go mbrúighfeá, go ttarcuisnighféa sáothar do lámh, agus déalrughadh ar chomhairle na ccionntach?

Féach an chaibidil



Iób 10:3
27 Tagairtí Cros  

Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?


Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort, Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.


A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.


Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.


Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.


“Ní ar a láimh féin atá a gconách, Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”


Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”


Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,


D'éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.


An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?


Spiorad Dé a rinne mé, Agus sé a anáil a chuir anam ionam.


An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?


An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?


Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.


Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.


Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach; Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna. Nó murab eisean, cé heile?


Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.


Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.


Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí; bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.


Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.


An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n‑anama ar an gCruthaitheoir dílis.