Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 14:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort, Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Goirfidh tusa, agus freagoruidh misi thú: biáidh dúil agadsa a nobair do lámh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 14:15
10 Tagairtí Cros  

An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?


Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?


Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!


Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.


Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.


Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.


Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.


An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n‑anama ar an gCruthaitheoir dílis.


Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí