4 Spiorad Dé a rinne mé, Agus sé a anáil a chuir anam ionam.
4 Spiorad Dé do rinne mé, agus anál a Nuilechumhachduigh thug anum ionnam.
Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.
An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.
Fad tá an dé ionam, Agus spiorad Dé i mo pholláirí,
Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad; agus athnuann tú aghaidh na talún.
Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.
Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:
mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis.
Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh.