Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 40:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 An tteagoscuidh an té do ní imreas ris a Nuilechumhachdach? an té iomaithbhearas Día, fhreagradh sé féin ar a shon.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 40:2
35 Tagairtí Cros  

Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.


Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.


Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí.


Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,


Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,


Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?


D'éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.


Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.


Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.


Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!


Ansin dúirt an Tiarna le Iób:


Ansin d'fhreagair Iób an Tiarna:


An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?


Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.


Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.


Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?


An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar. An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm? Tagaimis beirt i láthair, má tá. An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm? Seasadh sé chugam amach!


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


“Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael: D'ith a n‑aithreacha caora searbha; agus tá déistin ar fhiacla na clainne?


Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí