Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 10:2 - An Bíobla Naofa 1981

Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Déara mé ré Día. Ná damain mé, foillsigh dhamh cred fá cceannairgeann tú riom.

Féach an chaibidil



Iób 10:2
20 Tagairtí Cros  

Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé? Inis dom mo locht agus m'éagóir.


An in aghaidh an duine atáimse ag gearán? Cén fáth nach mbeadh mífhoighne orm?


Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.


An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?


Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?


Is mise a dhaorfaí, Cad ab áil liom ag obair in aisce?


Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.


Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm; agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.


Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.


Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.


Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort, freagair, agus fóir orm.


Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,