Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 33:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Cred as a seasann tusa na aghaidh? óir ní thugann sé cunntus a náonchúis dá chúisibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 33:13
21 Tagairtí Cros  

Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.


A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire,


An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?


An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?


Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?


Nach lú ná sin fós a d'fhéadfainnse freagra a thabhairt air, Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?


Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í.


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.


An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’


Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.


ach más ó Dhia é ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní - agus b'fhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.” Rinne siad rud air:


“Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”


Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí