Caibidil II. Cineultas Rahab ann Iericho, ris an lucht bratha. 23 Freagra na ntteachdaireachd.1 Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin. 2 Agus do hinnseadh do rígh Iericho dhá rádh, Feach, tangadar daoine anochd asteach annso ó chlainn Israel do bhrath na tíre. 3 Agus do chuir rígh Iericho fios chum Rahab, ghá radh, Tabhair amach na dáoine tháinic chugad, noch do chúaidh a steach ann do thigh: óir is do bhrath na tíre uile thangadar. 4 Agus do ghlac an bhean an días fear, agus dfoluigh sí iad, agus a dubhairt marso, Tangadar dáoine chugamhsa, ach ní eidir mé cá has dóibh: 5 Agus tarla fa am druite an gheata, ansa dorchadas, dimthigheadar na firsin amach: agus ní fios damhsá, cáit a neachadar na firsin: cuiridh tóruigheachd orra go lúath, óir béartháoi orra. 6 Ach rug sisi súas a mullach an tighe íad, agus do fholuigh íad lé loirgnibh lín, noch do leag sí a nordughadh air mhullach an tighe. 7 Agus do leanadar na dáoine na ndíaigh annsa tslighe go Iordan go nuige na háthanna: agus ar ball ar imthigheadar an mhuintirsin do bhí dhá lorg amach, do dhruideadar an geata. 8 ¶ Agus suil do luigheadar síos, tháinic sisi súas chuca ar mhullach an tighe; 9 Agus a dubhairt ris na dáoinibh, Atá a fhios agum go ttug an TIGHEARNA an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuamhan oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh na tíre eile air bhur son. 10 Oír do chúalamar mar do thiormaigh an TIGHEARNA uisge na mara Ruaidhe romhuibh, a nuair thangabhair amach as an Négipt; agus mar do rinneabhair ré dhá rígh na Namoríteach, dó bhí don táobh oile do Iordan, Sihon agus Og, noch do scriosabhair go hiomlán. 11 Agus ar ball a gcúalamar na neithesi, do leaghadh ar gcroidhthe, agus níor fhan ní is mó do bheódhachd a néanduine, ar bhur sonsa: oír sé bhur TTIGHEARNA Día, is Día ar neamh shúas, agus ar talamh shíos. 12 Annois ar a nadhbharsin guidhim sibh, tugaidh bhur mionna dhamhsa fan TTIGHEARNA, ó thaisbéan mé cinéul dáoibh, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do thigh matharsa, agus comhartha fíre do thabhairt damh: 13 Agus go ccuimhdeochthaoi máthair béo, agus mo mhathair, agus mo dhearbhraithre, agus mo dheirbhsheathracha, agus gach éinní dá bhfuil aca, agus go saorfuidhe ar mbeatha ó bhás. 14 Agus do fhreagradar na dáoine í, Ar nanum ar bhur sonsa, muna bhfoillsighidh tú na gnothuighesi águinn. Agus is amhluidh bhías, a núair bhéaras an TIGHEARNA an dúithche dhúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneach riotsa. 15 Ann sin do léig sí a núas íad lé téad thríd an bhfuinneóig: óir is ar bhalla an bhaile do bhí a tigh, agus do aítribh sí ar an mballa. 16 Agus a dubhairt sí riú, Eírghidhe fan tslíabh, deagla go tteigeomhadh na lorgaireadh ribh; agus folchuidh síbh féin trí lá ann sin, nó go bhfillidh an toír: agus na dhiáigh sin féadthaoí imtheachd romhuibh. 17 Agus a dubhradar na dáoine ría, Béimne nemhchionntach ansna mionnuibhsi thug tusa oruinn. 18 Féach, a núair thiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog shnáithe scárláoidesi ansa bhfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do bhéara tú hathair, agus do mhathair, agus do dhearbhraithre, agus muintir tighe hathar uile, a steach chugad. 19 Agus iseadh bhías de, gidh bé rachus amach as doirsibh do thighe fan tsráid, biáidh a fhuil ar a chionn féin, agus béimne neimhchiontach: agus gidh bé bhías ad fhochairse ann sa tigh, bíaidh a fhuil air ar gceanne, má bheanann lámh dhuine ris. 20 Agus má fhoillsighionn tú ar ngnothuidhne annso, annsin bíam saór ód mhionnuibh thug tú oruinn do thabhairt. 21 Agus a dubhairt sisi, Do reir bhur mbríathar, bíodh sé mar sin. Agus do chuir sí air siubhal íad, agus dimthigheadar: agus do cheangail sí an corda scárláoide san bhfuinneóig. 22 Agus do imthigheadarsan, agus tangadar fan tslíabh, agus do fhanádar ann sin trí lá, no gur fhilleadar na lorgairidh: agus do iarradar na lorgairidh íad ar feadh na sligheadh, ach ní fhuáradar íad. 23 ¶ Ann sin do fhilleadar an días fear, agus do thuirlingeadar don tslíabh, agus do chúadar thairis, agus tangadar go Iosua mac Nun, agus dinniosadar dhó gach éinní da ttárla dhóibh: 24 Agus a dubhradar re Iosua, Go deimhin thug an TIGHEARNA an tir uile ionar lámhuibh; óir atáid duthchusuidh na tíre uile ag dul a nanbhfainne re eagla romhuinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society