Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ach rug sisi súas a mullach an tighe íad, agus do fholuigh íad lé loirgnibh lín, noch do leag sí a nordughadh air mhullach an tighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:6
17 Tagairtí Cros  

¶ Agus tárla a naimsir an trathnoná, gur éirigh Dáibhi as a leabuidh, agus go raibh ag spaisdeórachd an úachdar thighe an rígh: agus ó mhullach an tighe do chonairc sé bean dhá nighe féin; agus do bhí an bhean roscíamhach re féachuinn uirre.


Agus do ghlac an bhean folach agus do leathnuigh ar úachdar an tobair é, agus do chuir arbhar meilte air sin; agus níor haithnigheadh éinní.


Nach ar hinnseadh dom thighearna cred do rinne mé a núair do mharbh Iesebel fáighe an TIGHEARNA, mar do fhóluigh mé céud fear dfaighibh an TIGHEARNA na ccáogad a núamhuigh, agus mar do bheathaigh mé íad lé harán agus lé huisge?


Oir is amhluidh do bhí, a nuáir do ghéarr Iesebel fáidhe an TIGHEARNA ámach, gur ghabh Obadiah céud fáidh, agus gur fholuigh íad na ccáogad a nuamhuigh, agus gur bheathuidh sé íad lé harán agus lé huisce.)


Achd Iehoseba, inghean an rígh Ioram, deirbhshíur Ahasiah, do ghlac sí Ioas mhac Ahasiah, agus do ghad é as lár na mac ríogh do marbhadh; agus dfolchadar é féin agus a bhanaltra, annsa tseomra chodalta ó Ataliah, a ccruth nar marbhadh é.


Agus do thoirrcheadh an bhean, agus rug sí mac: agus a nuáir do chonnairc sí go raibh sé na náoidhin bhréaghdah, do cheil sí é ar feadh thrí míosa.


Acht daithin an rígh do Ierahmeel mhac Hammelech, agus Seraiah mhac Asriel, agus Selemiah mhac Abdiel, Báruch an scríobhuidhe do ghabháil agus an fáigh Ieremiah: acht dfoluigh an TIGHEARNA íad.


An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:


¶ A nuáir do dhéana tú tigh núadh, annsin do dhéana tú caissiollochta ar a uachdar, chor nach ttairreonga tú fuil ar do thigh, má thuitionn éanduine dhe.


Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía.


As tré chreideamh do cuireadh Máoise a bhfolach, ré na athair agus ré na mháthair feadh thrí míos an tan rugadh é, do bhrígh go bhfacadar gur leanabh áluinn é; agus ní raibh faitcheas roimh áithne an rígh orrtha.


Agus mar an gcéudna fós an mheirdreach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinenadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdaireadhibh, agus do chuir sí uáithe íad a slighe eile?


Agus tarla fa am druite an gheata, ansa dorchadas, dimthigheadar na firsin amach: agus ní fios damhsá, cáit a neachadar na firsin: cuiridh tóruigheachd orra go lúath, óir béartháoi orra.


Agus do leanadar na dáoine na ndíaigh annsa tslighe go Iordan go nuige na háthanna: agus ar ball ar imthigheadar an mhuintirsin do bhí dhá lorg amach, do dhruideadar an geata.


¶ Agus suil do luigheadar síos, tháinic sisi súas chuca ar mhullach an tighe;


Agus dó chumhdaigh Iosua Rahab án mhéirdreach béo, agus muinntir tighe a hathar, agus a raibh aice uile; agus áitreabhuigh sí an Israel gus a niugh; do chionn gur fholuigh sí na teachda, do chuir Iosua do bhrath Iericho.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí