Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tarla fa am druite an gheata, ansa dorchadas, dimthigheadar na firsin amach: agus ní fios damhsá, cáit a neachadar na firsin: cuiridh tóruigheachd orra go lúath, óir béartháoi orra.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d'imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:5
11 Tagairtí Cros  

Agus tárla, fa nam ar thionnscnadar geatadha Ierusalem bheith dorcha roimhe an tsábbóid, gur aíthin misi na geatadha do dhrud, agus dfuágair mé gan a noscladh nó go ttíocfadh déis na sábbóide: agus do chuir mé cuid dom mhuinntir ag na geatadhuibh, chor noch ttiubharthaói áon úalach a steach annsa tsábbóid.


Uimesin béid do gheatadha foscuilte do ghnáth; ní druidfidhear íad a ló nó a noidhche, chum go ttuga daóine chugad neart na ngeinteadh, agus go ttugthar a ríghthe.


Annsna láethibhsin, agus fa namsin, a deir an TIGHEARNA, loirgeorthar éigceart Israel, agus ní bhiaidh sé ann; agus peacuidhe Iúdah, agus ní biáid re fagháil: óir maithfidh misi don mhéid do choimhéad mé.


Agus fásfuidh láimh ris a nabhuinn air a brúach, air an táoibhsi agus air an taoibh oile, a nuile chrann chum bídh, nach ccríonfa a dhuille, nó nach ccaithfighear a thoradh: do bhéara amach toradh núadh do réir a mhíos, do bhrígh gur gheiniodar a nuisgeadha amach ón tsanctóir: agus biáidh a thoradh mar bhíadh, agus a dhuille chum leighis.


Agus do ghlac an bhean an días fear, agus dfoluigh sí iad, agus a dubhairt marso, Tangadar dáoine chugamhsa, ach ní eidir mé cá has dóibh:


Ach rug sisi súas a mullach an tighe íad, agus do fholuigh íad lé loirgnibh lín, noch do leag sí a nordughadh air mhullach an tighe.


Agus do leanadar na dáoine na ndíaigh annsa tslighe go Iordan go nuige na háthanna: agus ar ball ar imthigheadar an mhuintirsin do bhí dhá lorg amach, do dhruideadar an geata.


Agus ní dúnfuighthear a geatuídhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.


Agus a nuáir do chuir Saul teachda do ghabháil Dháibhi, a dubhairt sisi, Atá sé tinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí