Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus iseadh bhías de, gidh bé rachus amach as doirsibh do thighe fan tsráid, biáidh a fhuil ar a chionn féin, agus béimne neimhchiontach: agus gidh bé bhías ad fhochairse ann sa tigh, bíaidh a fhuil air ar gceanne, má bheanann lámh dhuine ris.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:19
23 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt Dáibhi ris, Bíodh thfuil ar do cheann féin; do fhíadhnuigh do bhéul féin ad aghaidh, ghá rádh, Do mharbh me ungthach an TIGHEARNA.


Ga mhéid ós a chionn sin, a nuáir do mharbhadar droch dhaoine duine fíreunta ann a thigh féin ar a leabuidh? nach íarrfa misi air a nadhbharsin anois a fhuilsion as bhur lámhuibhsi, agus sibhsi thógbháil do dhruim na talmhan?


Agus fillfidh an TIGHEARNA a fhuil ar a cheann féin, nóch do thiomáin ar dhís do dháoinibh budh fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do mharbh sé íad leis an ccloidheamh, gan a fhios ag mathair Dáibhi, Abner mhac Ner, caiptín slóigh Israel, agus Amasa mhac Ieter, caiptín slóigh Iúdah.


Agus biaidh a nfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a mbeithí: agus a nuáir do chífe misi a nfuil, racha mé thoruibh, agus ní bhía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, a nuáir bhuáilfeas mé críoch na Hégipte.


Agus glacaidh ceanglachán iosóipe, agus tumaidh é san bhfuil, noch bhías annsa bhaisín, agus buáilidh an fárdorus agus an dá ursuinn leis an bhfuil bhías annsa bháisín; agus ni rachuidh áonduine aguibh amach as dorus a thighe go maidin.


Oír rachaidh an TIGHEARNA ar fadh do bhúaladh na Hégipte; agus a nuáir do chífe sé a nfuil ar a bhfárdorus, agus ar a dá ursainn, géubhuidh an TIGHEARNA thar a ndorus agus ní léigfe don mhillteóir teachd a steach ann bhur ttighthibh dá bhur mbúaladh.


¶ Agus an duine luidheas lé mnáoi a athar do léig tarrnochd a athar leis: báiseochthar íad a ráon go deimhin; biaidh a bhfuil orra féin.


¶ Oír gach uile dhuine mhalluigheas á athair nó a mhathair báiseochthar é go demhin: do mhalluigh sé athair nó a mhathair; biáidh a fhuil air féin.


An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:


Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan, a dubhairt sé ríu, Bíodh bhur bhfuil ar bhur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas rachuidh mé chum na Gcineadhach.


Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.


A dubhairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saighdiuiribh, Muna bhfanaid so sa luing, ní héidir síbhse shábháil.


Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:


An é nach dtuillfidh (do réir bhur mbaramhlasa,) an tí shaltras Mac Dé fá na chosuibh, agus measus fuil an chonnartha, lér náomhadh é, bheith neamhghlan, agus do bheir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró mhó ná sin?


Annois ar a nadhbharsin guidhim sibh, tugaidh bhur mionna dhamhsa fan TTIGHEARNA, ó thaisbéan mé cinéul dáoibh, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do thigh matharsa, agus comhartha fíre do thabhairt damh:


Agus do fhreagradar na dáoine í, Ar nanum ar bhur sonsa, muna bhfoillsighidh tú na gnothuighesi águinn. Agus is amhluidh bhías, a núair bhéaras an TIGHEARNA an dúithche dhúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneach riotsa.


Agus má fhoillsighionn tú ar ngnothuidhne annso, annsin bíam saór ód mhionnuibh thug tú oruinn do thabhairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí