Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Féach, a núair thiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog shnáithe scárláoidesi ansa bhfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do bhéara tú hathair, agus do mhathair, agus do dhearbhraithre, agus muintir tighe hathar uile, a steach chugad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:18
19 Tagairtí Cros  

Agus do dhéuna mé cineadh mór dhíot, agus beannóchuidh mé thú, agus do dheuna mé hainm mór; agus biaidh tú ad bheannughadh:


Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Naói, Tárr féin agus do theagh uile ann sa náirc; óir do chonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi annsa ngeinealach so.


Oír ciondus fhéaduimsi fulang an tolc noch thiucfas ar mo dhaóinibh dfaicsin? nó ciondus fhéaduim scrios mo chinidh dfaicsin?


Agus biaidh a nfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a mbeithí: agus a nuáir do chífe misi a nfuil, racha mé thoruibh, agus ní bhía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, a nuáir bhuáilfeas mé críoch na Hégipte.


Is cosmhuil do phuisine ré snáithe scairléid, agus is deaghmhaiseach do chómhrádh: is cosmhuil do chamóga ara re píosa pomgranaid a stigh ann do chiabhuibh.


Annsin do bhéura an sagart fá deara dha éun do ghabhail beó agus glan, don tí bhías ré a ghlanadh, agus connadh cé dair, agus scárláoid, agus íosoip:


Agus glacfuidh an sagart crann céadair, agus isóip, agus scárláoid, agus caithfidh é a lár loiscthe na colpuidhe.


Agus leithneochuid siad éadach scarláoide orra, foileochuid siad sin lé folach do chroicnibh broc, agus cuirfid a mhaídidhe a steach ann.


Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.


Agus ar mbeith dhó ag comhrádh ris, do chuáidh sé a steach, agus fuair sé mórán ar gcruinniughadh a gceann a chéile.


Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa; agus as maith do rinne tú theachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haithnigheadh dhiotsa ó Dhía.


Noch láibhéorus bríathra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do thigh uile.


Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:


Oír an tan do labhair Máoise na huile aitheanta ris an bpobal uile réir an reachda, ar nglacadh fola láodh agus gabhar dhó, maille ré huisge, agus ré holuinn phurpair, agus ré híosóip, do chraith sé í ar an leabhar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;


Agus a dubhairt sisi, Do reir bhur mbríathar, bíodh sé mar sin. Agus do chuir sí air siubhal íad, agus dimthigheadar: agus do cheangail sí an corda scárláoide san bhfuinneóig.


Agus do chúadar na hóganuigh do bhí na luchd brathá a steach, agus tugadar Rahab amach, agus a hathair, agus a mathair, agus a dearbhraithre, agus a raibh aice uile; agus tugadar a gáol uile amach, agus dfágbhadar taobh amuich do champa Israel íad.


Agus dó chumhdaigh Iosua Rahab án mhéirdreach béo, agus muinntir tighe a hathar, agus a raibh aice uile; agus áitreabhuigh sí an Israel gus a niugh; do chionn gur fholuigh sí na teachda, do chuir Iosua do bhrath Iericho.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí