Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:1
23 Tagairtí Cros  

Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathaír leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún, nó go ndearbthar bhur mbríathra, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Phárao, go dearbhtha is luchd bratha sibh.


Agus do chuimhnigh Ióseph air a naisling do chonnairc sé na ttimchiollsán, agus do ráidh ríu, Is luchd bratha sibh tangabhair dféachuin éadaingneach na tíre.


O mo phobal, cuimhnighidh a nois créd do chomhairligh Balac rígh Mhóab, agus cred do fhreagair Bálaam mhac Beor dhó ó Shittim go Gilgal; chor go naitheontaóise fíréantacht an TIGHEARNA.


Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dá rádh,


Cuir dáoine amach go spíndis tír Chanaáin, noch do bheirimsi do chloinn Israel: do gach éintreibh dá naithribh chuirfeas tú duine amach, gach éanduine na riaghlóir na measc.


Agus do chomhnuigh Israel a Sittim, agus do thosuigheadar an pobal stríopachus do dhéánamh lé hinghinnuíbh Mhoab.


Agus do shuigheadar láimh ré Iordan, ó Bhet‐iesimot go nuige Abel‐sittim a réiteach Mhoab.


Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab; agus do ghein Boos Obed ó Rút; agus do ghein Obed Iesse;


Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.


Oír atá a fhios so aguibh, nach bhfuil oighreachd a ríoghachd Chriosd agus Dé, ag sdríopuidh ar bith, aig neach neamhghlan, ná ag duine sanntach, noch as íodhaladhruigh,


As tré chreideamh nár sgriosadh an mheirrdreach Rahab a naóinfheachd ris an druing do bhí easúmhal, ar dtabhairt aóidheachda uáithe don luchd bratha go síothchánta.


Agus mar an gcéudna fós an mheirdreach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinenadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdaireadhibh, agus do chuir sí uáithe íad a slighe eile?


Gidh bé chuirfios a naghuidh haithnesi, agus nach éistfe ré do bhríathruibh a ngach éinní aitheonus tú dhé, cuirfighear chum báis é: amháin bí laídir, agus deighmheisnigh.


Agus do hinnseadh do rígh Iericho dhá rádh, Feach, tangadar daoine anochd asteach annso ó chlainn Israel do bhrath na tíre.


Helcah gun a cuimínibh, agus Rehob gun á cuimínibh; ceithre caithreacha.


Agus do eírigh Iosua go moch ar maidin; agus do áthruigheadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do fhosadar annsin suil do chúadar thairis.


¶ Agus do champuigheadar clann Israel a Ngilgal, agus do coímhéadadar án cháisg ar an cceathramhadh lá déag don mhí um nóin a reiteach Iericho.


Agus do chuir tigh Ioseph luchd bratha ar Bhetel. (Annois ba Lus ainm na eaíthreach roimhe sin.)


¶ Ann sin do fhreagradar an cúigear do chuáidh do bhrath thíre Lais, agus a dubhradar re na ndearbhráithribh, An bhfuil a fhios aguibhsi go bhfuil annsna tighthibhsi ephod, agus teraphim, agus iomháigh ghrábhálta, agus íomháigh leaghtha? anois ar a nadhbharsin measuidh cread atá aguibh ré a dhéanamh.


Agus do chúadar an cúigear súas noch do chuáidh do bhrath na tíre, agus tangadar a steach annsin, agus do ghlacadar a níomháigh ghrábhalta, agus an tephod, agus an teraphim, agus a níomháigh leaghtha: agus do sheas an sagart a ndul a steach an gheata maille ris na sé chéad fear do hórduigheadh le harmhuibh cogaidh.


Agus do chuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árrachda, ó Shórah, agus ó Estaol, do bhrath na tíre, agus dá cuartúghadh; agus a dubhradar riú, Eírgidhe, cúartuighidh an dúithche: agus íadsan a núair thangadar go slíabh Ephraim, go tigh Mhícah, dfanadar annsin a noidhchesin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí