Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oír do chúalamar mar do thiormaigh an TIGHEARNA uisge na mara Ruaidhe romhuibh, a nuair thangabhair amach as an Négipt; agus mar do rinneabhair ré dhá rígh na Namoríteach, dó bhí don táobh oile do Iordan, Sihon agus Og, noch do scriosabhair go hiomlán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:10
13 Tagairtí Cros  

Do scoilt tú toibreacha agus srotha: do rinnis aibhne móra tirim.


¶ Agus do chuir Maóise teachda ó Chades go righ Edom, Is mar so a deir do dhearbhrathair Israel, Atá a fhios agad ar gach ní dar éirigh dhuinne ann ar tturus:


Thug Día amach as a Négípt íad; atá aige amhail neart Unicorn.


Thug Día amach as a Négipt é; atá aige amhail neart Unicorn: íosuidh sé súas na cinidheacha a naimhde, agus brisfidh sé a ccnámha, agus tollfuidh sé íad thríotha le na shaighdibh.


Achd nior áill lé Sihon rígh Hesbon léigean dúinn gabháil thairis: óir do crúadhuigh an TIGHEARNA bhur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a chroidhe easumhal, chor go seachódadh sé ad láimhse é, mar as follus a niugh


Agus do chuir mé an ceárnabhan romhuibh, noch do thiomáin, amach romhuibh íad, dhá rígh na Namoríteach; gidheadh ní led chloidheamhsa, nó led bhogha.


Iondus go mbía a fhios ag dáoinibh an domhúin uile, air lámh an TIGHEARNA, go bfuil láidir: chor go mbíadh eagla bhur TTIGHEARNA Dé go bráth oruibh.


Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.


Agus a nuile ní da ndéarna sé ré dhá rígh na Namoriteach, do bhí táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh Hesbon, agus ré Og rígh Básan, noch do bhí ann Astárot.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí