Nuair a bhíonn cion déanta orainn, is féidir linn sólás agus treoir a fháil sna Scrioptúir Naofa. Is é Dia ár dtearmann agus ár neart i dtréimhsí deacrachta, de réir a bhriathair.
Má ghlacaimid le cion le croí umhal agus le maithiúnas, is féidir linn ár gcuid créachta a leigheas agus ár gcaidrimh a dheisiú. Tá grá don chomharsa mar cheann de na haitheanta is tábhachtaí.
Is dúshlán é grá a thabhairt dár naimhde agus beannacht a thabhairt dóibh siúd a dhéanann géarleanúint orainn, ach sin cuid den ghlao atá orainn mar leantóirí Chríost.
Deir an Bíobla linn go bhfuil cionta dosheachanta sa saol, ach molann sé dúinn déileáil leo ar bhealach a thugann onóir do Dhia agus a chuireann réiteach chun cinn.
I Maitiú 18:21-22, tugann Íosa treoir shoiléir dúinn faoin maithiúnas: "Ansin tháinig Peadar chuige agus dúirt sé, ‘A Thiarna, cé mhéad uair a mhaithfidh mé do mo dheartháir nó do mo dheirfiúr a pheacaíonn i mo choinne? An seacht n-uaire?’ Dúirt Íosa leis, ‘Ní deirim leat seacht n-uaire, ach seachtó a seacht.’"
Ón sliocht seo, is léir gur mian le hÍosa go mbeadh croí lán maithiúnais againn, croí nach gcoimeádann geit ná fuath, ach a mhaitheann cionta an duine, díreach mar a mhaith ár nAthair neamhaí dúinn féin.
Oír ní hí a thoil féin do rinne Críosd; achd, do réir mar atá sgríobhtha, Do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa oramsa.
Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh; Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.
Cluin so, ó ar Ndíane; óir atámaóid fá tharcuisne: agus iompóigh a masla ar a cceann féin, agus tabhair na ccreich íad a ttír ná daóirsine:
Ni mó bhéaras misi air dhaóinibh náire na ngeinteadh do chluinsion ionnad ní is mó, ni mo iomchuras tú tárcuisneáchd na ndaoine ni is mo, ní mó bhéaras tusa air na cineadhachaibh tuitim ní is mó, a deir an Tighearna DIA.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Atá a bhéul lán do mhallachd agus do meabhuil agus do cheilg: faói na theangaidh atá urchóid agus díomhaóineas.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Agus tangadur mic Iácob ón mhach amuigh a nuáir do chualadur sin: agus do ghlac doilghios íad, agus do bhádur na fir ro fheargach, fa go ndéarna sé leimhe a naghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob; ní nar dhlightheach do dheanamh.
Agus do labhair Dáibhi ris na dáoinibh, do sheas láimh ris, ghá rádh, Cred do dhéantar ris an té mharbhus an Philistineachsa, agus thóigfeas a mhiochlú do Israel? óir cía hé an Philistineach neimhthimchillgheárrthasa, asa ngreinneochadh sé slúagh Dé bhí?
¶ Agus a núair do chúaluidh Dáibhi gur éug Nábal, a dubhairt sé, Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch do thagair cúis mo scanla as láimh Nábal, agus do chonnuimh a shearbhfhoghantuigh ó olc do dhéanamh: óir dfill an TIGHEARNA urchóid Nábal ar a cheann féin. Agus do chuir Dáibhí teachda úadh, agus do chomhráidh sé ré Habigail, da gabháil chuige na mnáói.
Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía?
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
Suighidh tú agus labhruidh tú a naghaidh do dhearbhrathar; do bheirir scannail do mhac do mhathar.
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Oír a duáigh éad do thighesi súas mé; agus do thuit achmhusán na druinge do scannluigh thú orum.
Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne.
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.
Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.
Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
Agus tabhair dar ccomharsanaibh a sheachd noirid iona mbrollach a scannail féin, re ar scannluigheadar thusa, a THIGHEARNA.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.
Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó? Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.
Teilg amach an tarcuisneach, agus rachaidh an ceannairg amach; scuirfidh fós, an timreasan agus an mhasla.
As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é.
Deirid síad, Má ligion fear a bhean, agus go nimeochuidh sí úadh, agus go mbía sí ag fear oile, a niompochuidh sé uirre a rís? nach ttrúaillighear an talamhsin go mór? acht do rinne tusa meirdreachus lé mórán do lucht grádha; acht cheana, fill chugamsa a rís, a deir an TIGHEARNA.
Ná tábhruidh adhbhar oilbhéime do na Iúduigheadhaibh, ná do na Gréugachaibh, ná deagluis Dé:
Do bheir sé a ghruáidh don té bhuáileas é: atá sé ar na líonadh lán do sgannail.
Agus do dhéana an rígh dó réir a thola féin; agus áirdeochuidh sé é féin, agus méideochuidh sé é féin ós cionn gach uile dhée, agus laibheoruidh sé neithe iongantacha a naghaidh Dé na ndía, agus béaruidh sé buáidh nó go ccríochnuighthior an nfearg: do bhrígh gur bé an ní do cinneadh do dhéantar.
¶ Do chúala mé masla Mhóab, agus cáintéoireachd chloinne Ammon, lé ar mhasluigheadar mo dháoine, agus lé ar mhóruigheadar íad feín a naghaidh a tteórann.
Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Do fhreagair na Iúdaidhe é, ag rádh, Ní ar son oibre maithe ghabhmóid do chlochuibh ort; achd ar son blaispheíme; agus air son thusa, agus tú ad dhuine, go ndéunann tú Día dhiót féin.
Bídh drong ann labhras cosmhuil re sáithibh cloidhimh: acht is sláinte teanga a neagnuidhe.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc:
Dúisgidh duine nimhneach súas ceannairg: acht an té is mall chum feirge laghduighidh sé imreasuin.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
Bí tosach na ceannairge amhail do léigfeadh duine uisge amach: uime sin léig dhíot ceannairge, suil beansuighthear innte.
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Achd dá raibh sibh ag crine agus ag slughadh a cheile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.
Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin. Agus a deir sé a rís, Déunaidh gáirdeachus, a Chineadhacha, maille ré na phobal. Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile Chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é. Agus a ris a deir Esaías, Biáidh fréamh Iesse ann, agus an tí éireochas chum na Ccineadhach do sdiúradh; cuirfid na Cineadhacha a ndóthchas ann. Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh. Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg. Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille ré ghé dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an mgrás tugadh dhamh ó Dhía, Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh. Uime sin atá adhbhar gáirdeachais agam a Niósa Críosd sna neithíbh úd ata a ttáobh Dé. Oír ní bhía mé daná ar éainni do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum úmhlachda na Gcineadhach, a mbréithir agus a ngníomh, Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum. Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe.
An té bhíos a néugmhuis críonachta tarcuisnigh sé a chomharsa: acht bí fear na tuigsiona na thocht.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas. Agus síolchurthar toradh na fíreuntachda a síothcháin do luchd déunta na síothchána.
Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
Dearbhráthair ar na fheargughadh is deacra a fhagháil ná cathair láidir: agus is cosmhuil a nimreasuin ré barradhuibh caisléin.
Do chúlabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile: Achd cheana a deirimsi ribh, Na cuiridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige fos an gíall oile.
Ná habair, Do dhéana misi marsin ris amhuil do rinne sé riom: cúiteochuidh me ris a neglach do reir a oibre.
Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas: Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas, an tan labhruidh go holc oruibh, mar luchd míghníomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil lochda ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd.
As úabhar amháin thig an cheannairg: acht bí eagna ag na daóinibh deagh-chomhairleacha.
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd; Deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas: oír ní bhfuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.
Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
Is crann beatha teanga fhalláin: acht is briseadh a spioraid urchóid do bheith innte.
Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse.
Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.
Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair.
Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.
Is mairgneach don domhan ar son oilbheimeann! oir is éigin do na hoilbhéimeannaibh teachd; achd cheana is anáoibhin do duine tré a dtig an toilbhéim!
Gabhaidh chugaibh an tí atá éagcruáidh sa gcreideamh, achd ní chum ímreasan diosbóireachda.
Claóidhidh brontanas a bhfolach fearg: agus mínighe luáidheacht annsa bhrollach fearg neartmhar.
Gidheadh tugaidh bhur naire ribh nach mbiáidh an cúmhachdasa atá aguibh a gcail ar bith na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.
Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid síad!
Uime sin, dá dtugaidh bíadh adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair, ni íosaídh mé feól go bráth, ionnus nach dtiubhruim adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair.
Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.
Fuileonguidh fear na móirfheirge pionús: óir má thártuighionn tú é, caithfé tú a dhéanamh a rís.
Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreitheamhnuis, ar son gach aóinbhreithre díomhaóinighe dá laibhéoraid síad. Oír is as do bhríathruibh sháorfuidhthear thú, agus is as do bhrúathruibh daiméontar thú.
Uime sin a nois atá lochd go cinnte ionnuibh, tré dhul díbh chum dlighe eadruibh féin. Créd fá nach bhfuilngthí éugcóirní as táosga? créd fa nach bhfuilngthí bhur mealladh ní as luáighthe? Gidheadh fós, do ní sibh féin éugcóir, agus díoghbháil, agus sin ar bhur ndearbhráithribh.
Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
A aithreacha, na brosduighe bhur gclann chum feirge, deagla a meisnighe do chur ar gcúl.
Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa.
Ná bíghidh ag gnúsuchduigh ar a chéile, a dhearbhráithre, deagla bhur ndamnuighthe: féuch, atá an breitheamh na sheasamh ag an doras.
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Ní bhí díth peacaidh a niomad na mbríathar: acht an té chongmhus air a bhéul atá críonna.
Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní fhollamnuighid uile. Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.
Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd.
An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:
Foillsigh an tamadán a intinn uile: acht congmhuidh an duine críonna a stigh é nó go ttíg na dhiáigh sin.
A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.
Atá bás agus beatha a ccumhachta na teangtha: agus an drong ler bhionmhuin í íosaid síad dá toradh.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.
Sólásaighear duine le freagra a bhéil féin: agus an focal labharthar iona am féin, cred é méud a mhaitheasa!