Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 “Chuala mé madaí Mhóáb agus cáineadh chlann Amón a thug aithis do mo phobal agus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Do chúala mé masla Mhóab, agus cáintéoireachd chloinne Ammon, lé ar mhasluigheadar mo dháoine, agus lé ar mhóruigheadar íad feín a naghaidh a tteórann.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 2:8
19 Tagairtí Cros  

Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu.


Agus rug an té ab óige mac ar dtug sí Bein Amaí; agus eisean sinsear Beiné Amón an lae inniu.


Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost.


Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)


I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.


I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: “Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?


Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán, faoina ndrochiompar uile i mo choinne,


Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’


Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’,


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,


A chonách sin orthu de dheasca a n‑uabhair! Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua, agus rinne siad maíomh ina aghaidh.


Agus dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.” Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí