Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so. Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda. Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh. Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh; Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh; Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé. Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh; Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt. Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh: Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh. Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd. Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.
Agus béid na bríathraso, aithnighimsi dhíot a niugh, ann do chroidhe: Agus múinfidh tú go dúthrachdach dod chloinn íad, agus laibheóruidh tú orra a nuáir shuidhfeas tú ann do thigh, agus a nuáir shiubhólas tú an tslighe, agus a nuáir luídhfheas tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad; Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.
A mhic, éisd ré teagasg hathar, agus ná tréig dligheadh do mhathar: Oír béid síad iona ccórughadh grás dot chionn, agus na slabhradhuibh timchioll do bhrághad.
A chlann, bíghidh úmhal do bhur naithribh agus do bhur máthribh sna huile neithibh: óir as mór gean an Tíghearna ar so.
Onoruigh hathair agus do mhathair: ionnus go ma fada do laethe ar an ttalamh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Ní cheilfiom air a ccloinn íad, ag innisin don ghinealach thiocfas molta an TIGHEARNA, agus a chumhachta, agus na míorbhuile do rinne sé.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal. Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh:
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Aitheantar fós an leanabh air a ghníomharthaibh, an mbí a sháothar fíorglan, nó an mbí ceart.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Seanraidhte Sholuimh. Do ní mac críonna athair sólásach: acht sé an mac leamh dubhachus a mháthair.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.
Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha. Achd nior bháill leisean sin: achd ar nimtheachd dó do theilg sé a bpriosún é, no go niocadh sé na fíacha. Agus an trath do chonncadar a choimhshearbhfhoghantuidhesion ne neither do rinneadh, do ghabh doilgheas romhór íad, agus thangadar agus do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann. Annsin do chuir a thighearna fios airsean, agus a deir sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidh, do mhaith mé na fíacha úd uile dhuit, do bhrígh gur chuir tú impidhe oram: Agus a né nar choir dhuitsi trócaire do déanamh ar do choimhshearbhfhoghantuidh féin, amhail agus mar do rinne misi trócaire ortsa? Agus ar ngabháil féirge a thighearna, thug sé do na céasadóiribh é, no go niócadh sé a fhíacha uile ris. Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta. Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Agus múinfighear do chlann uile leis an TTIGHEARNA; agus budh mór síothcháin do chloinne.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
Gidh bé ghrádhuighios teagasg grádhuighidh sé eólus: acht an té fhúathuighios smacht is brúideamhuil é.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Achd bíghidh ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíghearna agus ar Slanaightheóra Iósa Críosd. Glóir dhósan a nois agus go síorruidhe. Amén.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge. Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í.
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Bíodh a fhios agaibh gur bé an TIGHEARNA is Día: isé do rinne sinne, agus ní sinn féin; is sinne a dhaóine, agus caóirigh a innbhir.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Is córa ainm maith do bhreith do roghain ná saidhbhrios mór, agus fabhar gradhach tar airgid agus tar ór.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha;
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
Asé eagla an TIGHEARNA tosach a néoluis: acht dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Is fogus an TIGHEARNA da gach aon ghoirios air, do gach áon ghoireas air a bhfírinne. Coimhlíonfa sé mían na druinge air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.
Do bheir an tslat agus an smacht gliocas uatha: acht do bheir an leanabh fágthar taobh ris féin náire dhá mhathair.
Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh; Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge atá don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Ná féach ar a ghnúis, no ar áirde a phearsann; do chionn gur dhíult misi é: óir ní fhaiceann an TIGHEARNA mar do chí duine; óir do chí an duine an ní bhías a bhfiaghnuise a shúl, achd do chí an TIGHEARNA an croidhe.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Is meallta an dathamhlachd, agus is díomhaoin an scéimh: acht an bhean eagluighios an TIGHEARNA, is isi mholfuighthear.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
¶ Lorguidhsi an TIGHEARNA an feadh bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh atá sé a bhfogus:
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.