Agus do chonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh; air a rabhadar dhá adháirc cosmhuil ré hadhárcuibh uáin, achd do labhradh se mar dhragún.
Achd bhíd an dreamsa, mar ainmhinntibh brúideamhla, noch do crúthuigheadh chum a ngabhála agus a sgriosda, ag labhairt go masluigheach air na neithibh nach aithnidh dhóibh; sgriosfuighthear íad an a dtruáilleadh féin;
¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na bhtágh thairrghirios am ainmsi, agus nach mé do chiur uáim íad, thairis sin go nabruid, Ní bhía cloidheamh nó gorta san tírse; Le cloidheamh agus le gorta thuitfid na fáighesi.
A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?
Oír do labhradar na hiodhail díomhaóineas, agus do chonncadar na fáistinigh bréug, agus dinnsiodar aislingthe neimhfhírinneach; comhfhurtachighid siád go díomháoin: uimesin dimthigheadar rompa amhuil tréud, do bhádar buáidheartha, do bhrígh nach raibh áodhaire ar bioth.
Agus cuirfighear an fáidh sin, nó an brionglóideach na naislingeadh chum báis; (do chionn gur labhair sé dá bhur niompógh ón TTIGHEARNA bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na Hégipte, agus dfúascuil sibh amach as tigh na daóírsi, dot thiomáin amach as a tslighe do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot do siubhal.) Mar sin chuirfe tú an tolc an siubhal as do lár féin.
Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh.
Cía atá na bhréugaire achd an tí shéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? A sé so an tainticríosd, noch shéunus an Tathair agus an Mac.
Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh a ttáobh na bhtágh; Féuch, beathocha mé íad lé murmónta, agus do bhéara mé orra uisge domblais dól: óir do chuáidh neimhdhíaghachd amach ó fháighibh Ierusalem tres an dúthaigh uile.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal.
¶ Annsin a dúbhairt an fáigh Ieremiah re Hananiah an fáigh, Eíst anois, a Hananiah; Ní hé an TIGHEARNA do chuir úadh thú; acht do bheir tú air an bpobalso dóthchusughadh a mbréig.
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh na bfágh bheir air mo phobal earráid do dhéanamh, noch bheirios greim re na bhfíaclaibh, agus fhúagrus, Síothcháin; agus ullmhuighid cogadh a naghaidh an té, nach ccuirionn ann a mbéul:
A nuaír laibheorus fáigh a náinm an TIGHEARNA, muna ttí an ní sin a gcrich, nó nach biáidh mar sin, sé sin un ní nár labhair an TIGHEARNA, ach do labhair an fáigh go handóthchusach: ní bhiaidh eagla ort roimhe.
Oír ni misi do chuir uáim íad, a deir an TIGHEARNA, gidheadh tairrghírid síad bréag ann mainm; chor go ndíbéoruinn sibh amach, go rachadh sibh a mugha, sibh féin, agus faighe thairrghirios dibh.
Atáid a lucht faire dall: ataid uile ainbhfiosach, atáid uile na madruighibh balbha, ní fhéaduid tathsann; na ccodladh, na luidhe síos, atáid grádhach air néullfurtaigh.
Oír éiréochuid Críosdanna fallsa agus faidhe fallsa, agus do dhéunuid comharthuidhe agus míormhuile, do mhealladh, na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é.
Atá feall agá fáighibh ann a lár, amhuil leomhan buile cíocrach ar chreich; do shluigiodar anmanna; do ghlacadar na hionnmhuis agus na neithe mórluáigh; do rinneadar mórán baintreabhach dhi iona lár.
Anois uimesin, féuch, do chuir an TIGHEARNA spiorad bréagach a mbéul na bhfághsa agadsa uile, agus do labhair an TIGHEARNA olc dot thaóibh.
Agus do chonnairc mé trí spiorada néamhghlana bá cosmhuil ré cnadáin ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.
¶ Acht do sheachránadarsan fós tré fhíon, agus tré dhigh láidir atáid as a tslighe; do sheachráin an sagart agus an fáigh tré dhigh láidir, do sluigeadh súas íad lé fíon, atáid as a tslighe tré dhigh láidir; seachránuid a bfis, oilbhéimid a mbreitheamhnus.
Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.
Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
Oír atá gach áon díobh ón té is lúgha dhíobh gus an té is mó dhíobh ar na thabhairt do shaint; agus ón bhfáigh gus an sagart do níd uile go bréagach.
Ar mbeith fhios so aguibh ar tús, go dtiucfuid sna laéthibh deigheanach luchd sgige, leanfus dá nainmíanuibh féin,
Budh hanáoibhinn dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chúadar amúgha tré mhéalltóireachd thúarasduil Bhálaaim, agus do sgriosadh iad tré bheith dhóibh comhchonntrardha re Córe.
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, teilgfidh mé thusa do ghnúis na talmhan: éugfuidh tú annsa mblíadhuinsi, do bhrígh gur mbúin tú easumhlacht a naghaidh an TIGHEARNA.
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Oír ní hé Día úghdar na buáidheartha, achd na siothchana, mar (as léir) a nuile eagluisibh na náomh.
Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug:
Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum.
Do dhéana tú misi críonna ós cionn mo námhad red aitheantaibh: óir atáid agam a ccomhnuighe.
As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.
Uimesin, do bhéara misi a mná dfearuibh oile, agus a bhfearuinn don druing ghéabhus a noighreacht: óir atá gach uile dhuine ón mbeag gus an mhór ar na thabhairt do shaint, on bhfáigh gus an sagart do ní gach uile dhuine go bréagach.
As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.
Is cosmhuil a prionnsadha iona lár ré madradhuibh allta cíocrach chum creiche, do dhórtadh fola, agus do mharbhadh anmann, dfaghail tarbha neimhionnraca.
Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd. Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia. Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.
Agus do teilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh agus ruibhe, mar a bhfuil an beathach agus an fáidh fallsa, agus béid síad dá bpianadh do ló agus doidhche go sáoghal na sáoghal.
As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.
Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbhá ré na mheabhaill, go dtruáillfidhe bhur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh?
Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.
Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreitheamhnuis, ar son gach aóinbhreithre díomhaóinighe dá laibhéoraid síad.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
Ma eírghionn bhar measc fáidh, no fear aislingeadh dfaicsin, agus go ttiubhra sé dhuit comhartha nó iongnadh, Agus clochfa tú lé clochuibh é, ionnus go néugfa sé; do chionn gur thairg sé do thiomáin ón TTIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hegipte, as tigh na daoirsi. Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáidh eagla orra, agus ní déanuid ní bhus mó éanchoir mar a nolcsa bhur measc. ¶ Má chluin tú a ccathruigh dá bhur gcaithreachuibh, noch thug an TIGHEARNA do Dhía dhuit dáitreabh innte, ghá radh, Do chúadar daóine áirigh, clann bhélial, amach as bhur measg, agus do thairngeadar léo luchd áitribh a ccaithreach, ghá rádh, Gluaisiom agus déanum seirbhís do dheéibh eile, nach ar bhaithnid daóibh; Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróchá tú go friochnamhach; agus, féuch, más firinne é, agus, go bhfuil an ní dearbhtha, go ndearnadh a leithéid sin dadhfhuathmhaireachd bhur measc; Buáilfe tú go deimhin muintir na caithreach sin lé faobhar an chloidhimh, léirscrios i, agus gach a mbía innte, agus a háirnéis, le faobhair an chloidhimh. Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i. Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh; ¶ A núair bhéuras tú aire ré guth an TIGHEARNA do Dhía, do choimhéud a aithneadh uile noch aithnighimsi dhíot a niugh, do dhéanamh an neithe is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. Agus go ttiocfa an comhartha nó an tiongnadh a gcrích, dár labhair sé riot, ag rádh, Déanum do leanmhuin dée oile, (nach ar bhfeas duit,) agus déanum serbhis dóibh; Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum.
¶ Agus tiucfuidh a ccrich annsa lósin, a deir TIGHEARNA na slógh, go ngéarrfa mé anmanna na niodhal as an dtalamh, agus ní chuimhneochthar ní is mó íad, agus fós do bhéara mé air na faighibh agus air na spioraduibh neamhghlana imtheacht amach as an ttír.
Oír dá dtigidh neach do sheanmórughadh Iósa eile, nach dearnamairne sheanmóir nó da nglacuidh sibh spiorad eile, nár ghlacabhair chuguibh, ná soisgeul eile, nar ghlacabhir, dob iondéunta dhíbh a fhúlang.
Tairghirid na fáighe go bréagach, agus riaghluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem phobalsa a fhagháil marsin: agus cred do dhéantaoisi ré deireadh na cúise sin?
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.
Agus do dhóibliodar a fáighe íad féin lé moirtéul gan súathadh, ag faicsin díomhaóinis, agus ag fáistine bréug dhóibh, ag rádh, Is marso a deir an Tighearna DIA, an tan nar labhair an TIGHEARNA.
A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an tainticríosd, atáid a nois cheana morán daintícríosduibh ar néirghe ann; ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair.
Do ní a ccinn sin breitheamhnus air luáigheacht, agus teagasguid a sagairt ar thúarustal, agus fáistinighid a bhfáighe ar airgiod: gidheadh luighfid air an TTIGHEARNA, agus a déaruid síad, Nach bhfuil an TIGHEARNA ar measg? ní fhéadann olc ar bith teacht oruinn.
¶ Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Ná meallaidís bhur bhfáighe sibh agus bhur ngeasadóirigh, noch atá ann bhur lár, agus ná héistidhe ré bhur naislingibh noch do bhearthaói fá deara dfaícsin. Oír tairrghirid go bréagach dhibh ann mainmsi: ní mé do chuir uáim íad, a deir an TIGHEARNA.
Ní misi do chuir na fáighesi uáim, gidheadh do rithiodar: níor labhair mé ríu, gidheadh do thairrghireadar.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd. Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.
Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riom, Tairrghirid na fáighe bréaga am ainmsi: ní mé do chur náim íad, ní mó is mé dáithin díobh, ní mó do labhair mé ríu: tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach agus geasadóireacht, agus neimhní, agus cealg a ccroidhe féin.
Achd an fáigh, gheabhus do labhairt a mainmse, focal nach ar aithin mise dhe a labhairt, nó laibheorus a nainm dee oile, cuirfighear an fáigh sin go deimhin chum báis.
Agus do bhádar mar an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tíghearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Ná héistigh re bríathruibh na bhfágh thairrghirios díbh: do níd síad díomhaóin sibh, labhruid fis a ccroidhe féin, agus ní has béul an TIGHEARNA.
Agus biáidh mo lámh air na fáighibh do chí díomhaóineas, agus chumas bréaga: ní bhéid síad a noireachtas mo phobail, ní mó scríobhthar íad a scríbhinn thighe Israel, ní mó rachaid síad a steach a ndúthaigh Israel; agus aitheontaói gur misi an Tighearna DIA.
Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.
Noch a deir ris na féuchadóiribh, Ná faicidh; agus ris na faighibh, Ná tairghiridh dhúinne neithe cearta, labhraidh rinne neithe bláithe, tairghirídh cealga:
Agus tré shaínt béid dá bhur nimcheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda; dream dhár cinneadh fada ó shin damnughadh nách dtéid a shíneadhm agus ní ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.
Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar. Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
Is éattrom fealltach a fáidhe: do shalchadar a sagairt an tsanctóir, do rinneadar éigion air an ndligheadh.
Achd gach Sbíoruid nach admhuigheann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Dhía atá sé: achd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalabhair iomrádh go dtiucfadh sé; agus atá sé a nois cheana sa domhan.
Agus do gabhadh an tainmhidhe, agus na fáidh fallsa maille ris noch do rinne míorbhuileadh na fhíadhnuise, léur mheall sé an dream do ghabh comhartha a nainmhidhe chuca, agus tug onóir dhá iomháigh. Agus do teilgeadh íad ar áon beó a loch teineadh ar dearglasadh lé ruibh.
Is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg do na fáighibh leamha, leanus a spiorad féin, agus nach bhfacaidh aoinni!
Oír atá an fáigh agus an sagart araon neimhdhiadha; aseadh, ann mo thigh fuáir mé a néigceart, a deir an TIGHEARNA.
Uimesin, féuch, a deir an TIGHEARNA, atáimsi a naghaidh na bhfágh, ghadas mo bhríathra gach aon díobh ó na chomharsoin.
Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.
Oír tangadar dáoine áirighe, neimhdhíagha, ar téultogh a steach, noch do bhí fadá ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iompoigheas grás ar Ndé a neamhghloine, agus shéunas an táon Mhaighisdir, Día, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
Agus ar ndul dóibh thríd a noiléun go Páphus, fúaradar draói áirighe, faidh fallsa, Iúdaighe, dár bhainm Baríesus:
Má deir neach bréug, ag siubhal annsa spioraid agus a neimhfhírinne, ag radh, Tairrghirfidh misi dhuit ar fhíon agus air dhigh láidir; budh é sin féin faigh an phobailsi.
A mhic an duine, tairrghir a naghuidh fhágh Israel noch thairrghirios, agus abairsi ris a ndroing thairrghirios as a ccroidhthibh féin, Eistighsi bríathar an TIGHEARNA;
Isé an sinnsior agus an tonórach, an ceann; agus an fáidh mhúineas bréuga, an tearball. Oír tréoruigheóirigh an phobailsi do bheir orra seachrán; agus an drung thréoruighthear léo atáid díothlairighthe.
Do chúala mé cred a dúbhradar na fáighe, noch thairrghirios bréaga ann mainmsi, gha rádh, Daisling mé, daisling mé.
Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad. Agus ma thréoruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg.
Do choncadar thfáighe neithe diomhaóine leamha dhuit: agus níor fhoillsígheadar hégceart, dfilleadh do dhaóirsine; acht do chonncadar úaluidhe neimhfhírinneacha dhuit agus cúise díbeartha.
Do leighisiodar fós lot inghine mo phobail go héattrom, gha rádh, Síothcháin, síothcháin; a nuáir nach bíonn aointsíothcháin ann.
Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.
Féuch, atáim a nagháidh na druinge thairrghirios brionglóide bréagacha, a deir an TIGHEARNA, agus innisios íad, agus do bheir ar mo phobal seachránughadh le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do chuir uáim íad, nó daithin díobh: ar a nadhbharsin ní thairbheochuid síad don phobalso ar éanchor, a deir an TIGHEARNA.
Gidheadh fós do rinne an TIGHEARNA fíadhnuise a naghaidh Israel, agus a naghaidh Iúdah, tres na fáighibh uile, agus treas an luchd faicsiona uile, gha rádh, Fillidhsi ó bhur ndroichshlighibh, agus coimhéuduigh maitheantasa agus mo reachda, do réir a nuile dhlighe dar áithin mé dá bhur naithribh, agus noch do chuir mé chugaibh lem sherbhísigh na fáidhe. Gidheadh níor bháill léo a chluinsion, achd do chruáidheadar a muinéil, amhuil muinéil a naithreadh, nach ar chreid ann a TTIGHEARNA Día.
Ga fad bhías so a gcroidhthibh na bhfágh thairrghirios bréaga? a seadh, atáid na bhfáighibh ceilge a ccroidhe féin;