Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 11:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ach is ró-mhór mʼeagla go n-éireoidh daoibh, dála Éabha, ar mheall an nathair nimhe lena gliceas í, agus go mbeidh bhur smaointe á gcur ar seachrán in áit a mbeith go glan díreach ar Chríost.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbhá ré na mheabhaill, go dtruáillfidhe bhur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 11:3
47 Tagairtí Cros  

Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”


Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”


Thug an fear Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í.


Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin!


Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach a bhíonn ag tréigean do dhlí.


óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.


Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.


agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t‑almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach.


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.


Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air?


Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.


Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.


Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.


ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;


A Ghalatacha gan chiall, cé a d'imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta?


Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh!


Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.


Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona;


Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost.


Agus ná ligigí d'aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n‑aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.


Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.


Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.


Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.


Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,


Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca.


Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.


Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.


Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.


Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.


Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n‑ainmhianta féin,


A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.


A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.


Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.


Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d'fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.


An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.


Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí