Íseáia 28:7 - An Bíobla Naofa 19817 Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 ¶ Acht do sheachránadarsan fós tré fhíon, agus tré dhigh láidir atáid as a tslighe; do sheachráin an sagart agus an fáigh tré dhigh láidir, do sluigeadh súas íad lé fíon, atáid as a tslighe tré dhigh láidir; seachránuid a bfis, oilbhéimid a mbreitheamhnus. Féach an chaibidil |