Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Mar an gcéadna amharcann sibh-se fíréanta i súla daoine de’n taoibh amuigh: acht taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráibhtheacht agus d’urchóid.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Mar sin daoibh‐se: bíonn cuma na fíréantachta oraibh i bhfiadhnaise na ndaoine, acht bíonn sibh istigh lán d’fhuar‐chrábhadh agus de chuirptheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 sibh-se mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus dʼolcas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:28
13 Tagairtí Cros  

Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.


Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.


“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.


“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,


Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;


Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.


Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta.


Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí