Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Tabhairigidh aire agus ná mealladh aoinneach sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire ar eagla go meallfaidh aoinneach sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:4
14 Tagairtí Cros  

ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,


Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht.


Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.


Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.


Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé.


Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.


Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.


Agus ná ligigí d'aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n‑aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.


Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.


Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d'fhear an oilc é féin a nochtadh - is é sin mac an léirscriosta,


A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí