Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é.
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
¶ Iarruid mo dhaóine comhairle air a smotánuibh, agus foillsighidh a mbata dhóibh: óir thug spiorad an stríopachuis orra dul air seachrán, agus do chúadar do stríopachus ó bheith faói na Ndía.
¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.
Agus do adhradar dá niodhaluibh: agus do bhádar dóibhsion mar phaintéar. Agus do íodhbradar a mic agus a ninghiona do dhíabhluibh,
¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha;
¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe.
Uimesin ná héistighsi re bhur bhfaighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh, labhrus ribh, ghá rádh, Ní fhoigheontuidhe do rígh na Babilóine:
Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.
Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort. Féuch, biáidh síad amhuil connlach; loisgfidh an teine íad; ní thárthochuid íad féin ó neart na lasrach: ní bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó teine do shuighe aice.
Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort.
Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin.
¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é. Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireachd chum do thighe, deagla go mbeitheá ad ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh tú é thríd amach, agus biáidh gráin ort roimhe go hiomlan; oír is ní malluigh é.
Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.
¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo?
Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
Agus do tharcuisnigheadar a reachda, agus a chunnradh do rinne sé re na naithribh, agus a fhiadhnuiseadh noch do fhíadhnuigh sé na naghaidh; agus do leanadar díomhaóineas, agus thangadar chum bheith díomhaóin, agus do leanadar na geintigh noch do bhi ar gach táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an TIGHEARNA dhíobh, nach déanaidís ní cosmhuil riú.
¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.
Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.
Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad: Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.
¶ Tugaidhsi ar a nadhbharsin aire mhaith dháoibh féin; óir ní fhacabhair gné ar bith shamhluighthe an lá do labhair an TIGHEARNA ribh an Hóreb amach as lár na teineadh: Deagla go ttruaillfidhthigh sibh féin, agus go ndéanaidh sibh íomháigh ghrabhálta, cosamhlachd fhidhreach ar bith, cósamhlachd fir nó mná,
Agus tangadar mórán don mhuinntir do chreid, ag admháil, agus ag innsin a ngniomharthadh féin. Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.
Biáidh náire orra, agus fós béid claóite uile: rachuid a neimhní go léir lucht déanta na niodhal.
Tabhair haire dhuit féin nach gabhthar a ndul thú ó na leanmhuin, tar éis a scriosta romhad; agus nach déana tú loirgaireachd air a ndeéibh, gha rádh, Cionnus do rinneadar na fineadhachasa serbhís dá ndeéibh? is mar sin do dhéana misi mar an gcéadna. Ní dhéana tusa sin red THIGHEARNA do Dhía: óir gach éainni is athfhúamhar lé Día noch a fhuathian sé do nídís sin re na ndeéibh féin; eadhon a mic agus a ninghiona do loisgedis ansa teinidh dá ndeéibh.
Foillsighidhsi a measc na ngeinteadh, agus fúagruidh, agus cuiridh bratach súas; fúagruidh, agus ná ceilidh: abruidh, Do gabhadh an Bhabilóin, do claóidheadh Bel, do briseádh Merodach na blodhuibh; do milleadh a hiodhuil, do briseadh a hiomháighe na mblodhuibh.
Do bhrígh go ndéarnuidh Manasseh rígh Iúdah na neithe adhfhuathmharsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítigh, noch do bhí roimhe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacughadh le na iodhaluibh:
Agus do fhágbhadar uile aitheanta a TTIGHEARNA Día, agus do rinneadar dhóibh féin iomháigheadh leaghtha, dhá láogh, agus do rinnedar garrán, agus do adhradar slógh neimhe uile, agus do adhradar Baal.
¶ Cred tharbhuighios a níomháigh ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í; a níomháigh leaghtha, agus teagasgóir bréug, as a ndóthchusuighionn fear déanta a oibre féin ann, do dhéanamh iodhal mbalbh?
Acht atáid uile go léir brúideamhuil agus amadánach: atá an smotán na fhoghluim díomhaóinis.
Da bhur lasadh féin lé hiodhaluibh faói gach aon chrann glas, ag marbhadh na leanabh annsna gleanntuibh fa scealpuibh na ccarrac.
Agus anois peacuighid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar iomháighe leaghtha dá nairgiod, agus iodhail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreacha na bhfear ceirde: a deirid dá ttáobhsan, Na daóine iodhbras pógaidís na laóigh.
An tionad ar bhrostuigheabhair misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile a ccrích na Hégipte, mar a ndeachabhair do chomhnuidhe, chor go ngéarrfaidh sibh amach, agus go mbeith sibh mar mhallughadh agus mar scannail a measc uile chineadhach an domhuin?
Agus tiucfuid na Caldéanuigh, throideas a naghaidh na caithreachso, agus cuirfid an chathairsi tré theine, agus loiscfid í maille ris na tíghthibh, ar a mullach ar ofráladar túis do Bhaal, agus ar dhóirteadar amach ofrála dighe do dhéibh oile, dom bhrostúghadhsa chum feirge.
Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
Ní mó shaileochuid íad féin le na niodhaluibh ní sa mhó, nó lé na neithibh gráineamhla, nó lé coir ar bioth dá ccoirthibh: acht táirtheocha misi íad as a nuile áitibh comhnuidhe, ann ar pheacuigheadar, agus glanfa mé íad: marsin budh íadsan mo phobalsa, agus misi a Ndíasan.
Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
Achd ní híad sdríopacha an tsáoghailse go huilidhe, náid a dháoine sanntacha, náid a luchd sracaireachda, náid a luchd iodhaladhruidh; óir da madh íad do chaithfeadh sibh an sáoghal dfágbhail. Achd a nois do sgríobh mé chúgaibh gan chaidreabh do dhéanamh, má bhíonn éainneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, no na fhear cainighe, nó na fhear misge, nó na fhear fúaduighe; ná caithidh fíu an bhidh na fhochair.
Ní leanfa tú dée ar bith oile, do dhéeibh na ndáoine atá fá ccuáirt bhur dtimchioll;
A mhic an duine, do chuireadar an mhuinntir so a niodhal súas iona ccroidhe, agus do chuireadar ceap tuisligh a neigceart as coinne a naighthe: a níarrfuighear misi air áonchor?
Marsin do bhí eagla an TIGHEARNA ar na cineadhachaibh si, agus do rinneadar serbhís dá niomháighibh ghrábhálta fein, a cclann araon, agus clann a ccloinne: mar do rinneadar a naithre, is marsin do nídsion gus a niugh.
Agus tárla tré éattruime a stríopachuis, gur thruáill sí an talamh, agus go ndéarnuidh sí adhaltrannus re clochuibh agus ré smotanuibh.
Oír biáidh náire orra fa na dairibh díarrabhair, agus muigheochthar sibh fa na gáirdínibh do thoghabhair.
¶ Agus mar an ccéadna Maachah mathair Asa an rígh, do athruigh sé í ó bheith na bainríoghain, do bhrígh go ndéaruuidh sí íomháighe a ngarrán: agus do gheárr Asa síos a híomháigh, agus do mhionbhrúigh í, agus do loisg sé í ag sruth Cedron.
Agus do rinneadar áite árda Bhaal, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do thabhairt air a macaibh, agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine do Mholoch; noch nar aithin misi dhíobh, ní mó tháinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ghráineamhlachtso, tabhairt ar Iúdah peacughadh.
¶ Agus do fhreagair seision, Níor bhuaidhir misi Israel; acht tusa, agus tigh hathar, mar do thréigeabhair aitheanta an TIGHEARNA, agus mar do lean tú Baalim.
Ar chúl an doruis mar an ccéadna agus na bpostadha, do chuir tú súas do chuimhne: óir dfoillsigh tú thú féin dfior oile táobh amuigh dhíomsa, do chuáidh tú súas; dfairsingidh tú do leaba, agus do rinne tú cunnradh riúsan; do ghradhuigh tú a leaba mar a bhfaca tú a náit.
Agus do bhádar ar na salchadh le na noibreachaibh féin, agus do chuadar re méirdreachus le na naigiontaibh féin.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Uime sin na bíghídhsi bhur luchd iodhaladhruigh, mar do bhí dream acasan; amhail atá sgríobhtha, Do shuigh an pobal síos chum ithe agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh chum súgartha.
¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.
Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeochíodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.
Atá gach uile dhuine brúideamhuil le na éolus; atá gach uile fhear ceirde millte lé híomhaigh ghreanta: óir is neimhfhirinne a íomháighe leaghtha, agus ní bhfuil anál ar bioth ionta.
Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic.
Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do rinnéadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do íodhbradar dhó, agus a dubhradar, Is íad so do dhéesi, ó a Israel, noch thug thu amach as crích na Hégipte.
Iomchraidh síad air a nguáillibh é, iomchraid é, agus suighid é iona áit, agus seasuidh sé; ní chorrocha sé as a áit: fós, goirfidh duine air, gidheadh ní fhéadann sé freagra, nó an té sin do thártháil ó ná bhuáidhreadh.
Marso a deir an TIGHEARNA, Cred an téagceart fúaradar bhur naithre ionnamsa, as ar imthigheadar a bhfad úaim, agus ar shiúbhladar ar lorg díomhaóinis, agus as a ndéarnadh diomhaoin íad?
Dfoillsigh mé fós ó thosach dhuit é; suil tháinic sé a ccrích do thaisbéin mé dhuit é: deagla go naibeorthá, Isé miodhal do rinne íad, agus míomháigh ghreanta, agus míomháigh leaghtha, daithin íad.
Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.
Do bhrígh a nuilc do rinneadar dom bhrostughadh chum feirge, an tionad a ndeachadar do losgadh túise, agus dfoghnamh do dhéeibh oile, nach ar bhaithne dhóibh, dhóibh féin, dhibhsi, ná dá bhur naithribh.
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.
Do chorruigheadar chum éada mé, leis an ní nach Día; do bhrostuigheadar mé chum feirge le na ndíomháoineas: agus cuirfe misi eúd orrasan ris an ndroing nach bhfuil na bpobal; broisteochuidh mé chum feirge íad ré cineadh amadanta.
¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé;
Agus nach duáigh sé ar na sléibhtibh, nach mó do thóg a shúile súas chum iodhal thighe Israel, nach mó do shaluidh bean a chomharsan, nach mó tháinic láimh ré mnaói fhola míos,
Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.
Agus do chuir sé síos na sagairt iodhaladhartha, noch do órduigheadar righthe Iúdah do losgadh túise annsna háitibh árda a ccaithreachaibh Iúdah, agus annsna háitibh fa ccuairt timchioll Ierusalem; an mhuinntir fós do loisgeadh túis do Bhaal, don ghreín, don ghealuidh, agus do na pláinéaduibh, agus do shlúagh neimhe uile.
¶ Cruinnighidh sibh féin agus tigidh; láimh ré chéile, a dhrong do chuáidh as do na cineadhachaibh: ní bhfuil éolus ar bith ag an mhéid chuireas súas maide a níomháigheadh greanta, agus ghuidhios chum dé nach ccabhruighionn íad.
Agus ná héirghidhe do leaththaoibh: óir annsin leanfuidhe neithe díomhaóine, nach déan tarbha nó ttárrtháil; óir is díomhaóin íad.)
Ann bhur nuile áitíbh comhnuidhe do dhéantar na caithreacha na bhfásach, agus béid na háite árda uáigneach; iondus go mbéid bhur naltóracha na bhfásach agus uáigneach, agus go mbrisfighear bhur niodhail agus go scuirfid, agus go ngearrfuighear síos bhur níomháighthe, agus go ccuirfighear ar ccúl bhur noibreacha.
Ann sin imeochuid caithreacha Iúdah agus áitreabhthacha Ierúsalem, agus éighfid ar na déeibh dá nofráluid túis: achd ní chuimhdeochuid síad íad ar áonchor a naimsir a ndonuis.
Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:
Do rinneadar láogh ann Hóreb, agus do adhradar don íomháigh leaghtha. Cía fhéadas neart an TIGHEARNA chanamhuin? a mholadh uile dfoillsiughadh? Agus do áthruigheadar a nglóir a gcosamhlachd dhaimh noch ithios féur.
Do bhrígh gur thréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coimhightheach, agus gur loisgeadar túis innte do dhéeibh oile, noch nár bhaithnid dhóibh féin nó dhá naithribh, nó do ríghthibh Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neimhchiontuigh;
Cuimhnighidh na cédneithe ón tseannaimsir: óir is misi Día, agus ní bhfuil máithearrach ann; is misi Día, agus ní bhfuil aóinneach cosmhuil riom,
Smidh an sáor a ríaghail amach; comharthaigh sé amach é leis an dorubha; deasuigh sé é le na locraibh, agus comharthuigh sé amach é leis an ccompás, agus do ní é do réir fhioghrach duine, do réir scéimhe duine; ar chor go mbía annsa tigh.
Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.
Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.
An ngadfuidhe, an muirfidhe, a ndéantaói adhaltrannas, agus mionna bréige do thabhairt, agus túis do losgadh do Bhaal, agus imtheacht a ndiáigh dée oile nach feas díbh;
Oír ní adhrocha tú dia ar bith eile: oír an TIGHEARNA, a bhfuil ainm Eadmhur, as Día eadmhar é:
Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
Agus do chuáidh tú a gcionn an rígh lé hola, agus do mhéaduigh tú do dheaghbholtuidh, agus do chuir tú do theachta a bhfád uáit, agus duirísligh tú thú féin go hifrionn.
Mar do ghoireadar íad, is marsin dimthigheadar úatha: díodhbradar do Bhaalim, agus do loisgeadar túis díomháighibh greanta.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal. Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé? Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA, Do bhrígh gur labhrabhair díomhaóineas, agus go bhfacabhair bréaga, ar a nadhbharsin, féuchuidh, atáimsi bhur naghaidh, a deir an Tighearna DIA. Agus biáidh mo lámh air na fáighibh do chí díomhaóineas, agus chumas bréaga: ní bhéid síad a noireachtas mo phobail, ní mó scríobhthar íad a scríbhinn thighe Israel, ní mó rachaid síad a steach a ndúthaigh Israel; agus aitheontaói gur misi an Tighearna DIA.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
Creidigh an simplidheach gach aonfhocal: acht féuchaidh an duine ghlic go maith dá imtheacht féin.