2 Ríthe 23:5 - An Bíobla Naofa 19815 Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Agus do chuir sé síos na sagairt iodhaladhartha, noch do órduigheadar righthe Iúdah do losgadh túise annsna háitibh árda a ccaithreachaibh Iúdah, agus annsna háitibh fa ccuairt timchioll Ierusalem; an mhuinntir fós do loisgeadh túis do Bhaal, don ghreín, don ghealuidh, agus do na pláinéaduibh, agus do shlúagh neimhe uile. Féach an chaibidil |
Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.