Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 47:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 47:13
13 Tagairtí Cros  

Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,


Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.


Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d'aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta.


Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.” Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós.


Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”


á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.


“Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine.


Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí