Íseáia 47 - An Bíobla Naofa 1981Mairgneach faoin mBablóin 1 Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach. 2 Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha. 3 Taispeáin tú féin tarnocht go bhfeice daoine do náire! Tá mé ar son díoltais agus ní chuirfear isteach orm. 4 Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael: 5 Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, - a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí. 6 Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom. 7 Bhí sé ina dheilín agat: “Choíche is go brách beidh mise i mo mháistreás.” Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí, ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu. 8 Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.” 9 Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d'aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta. 10 Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: “Ní fheiceann aon duine mé.” Do chríonnacht agus d'eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: “Mise, mé féin amháin!” 11 Ach tiocfaidh tubaiste ort nach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí]; titfidh matalang ort nach mbeidh tú in ann a chur díot; bainfidh míchríoch díot nach bhfuil coinne agat léi. 12 Fan i mbun d'asarlaíochta mar sin agus d'ildraíochta, ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith. B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu! B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós! 13 Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach. 14 Beidh siad ar nós na gcoinlíní a dhónn an tine. Ní shábhálfaidh siad a mbeo ar ghreim na lasrach. Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh, ní aon teallach é le suí os a chomhair. 15 Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart