Iúd 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Iúdás, seirbhíseach Íosa Críost, agus dearbhráthair Shéamais, chum na ndaoine fuair gairm, atá i ngrádh Dé an tAthair, agus atá d’á gcumhdach le h‐aghaidh Íosa Críost: 2 Go méaduightear trócaire, síothcháin agus grádh dhaoibh. 3 A cháirde ionmhaine, ó thárla go raibh fonn mór orm scríobhadh chugaibh i dtaobh ár slánuighthe chómh‐choitchinn, is é do bhí ’gam’ spreagadh a mheas go raibh sé de dhualgas orm scríobhadh chugaibh g’á impidhe oraibh an creideamh tugadh aon uair amháin do na naomhaibh do chosaint go daingean. 4 Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin. 5 Is mian liom anois a chur i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil lán‐eolas agaibh ar na neithibh seo ar fad, gur shaor an Tighearna pobal as tír na hÉigipite aon uair amháin, acht gur scrios sé ’n‐a dhiaidh sin iad‐san nár chreid. 6 Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár choimheád a ngradam féin, acht do tréig a n‐áitreabh, atáid d’á gcongbháil fá shlabhraibh síorraidhe, i ndorchadas, fá chómhair breitheamhnas an lae mhóir. 7 Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe. 8 Acht cheana, saluigheann siad so an cholann le n‐a n‐aislingibh, agus ghníonn siad beag‐is‐fiú de thighearnas, agus masluigheann siad an sluagh glórmhar. 9 Acht Micheál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diabhal dó, ag aighneas fá chorp Mhaoise, níor lámh sé a chúisiú go masluightheach, acht adubhairt, Go smachtuighidh an Tighearna thú. 10 Acht labhrann an dream so go masluightheach i dtaobh neithe nach bhfuil aon eolas aca ortha: agus na neithe go bhfuil eolas ó dhúthchas aca ortha, truailligheann siad féin ionnta ar nós ainmhidhthe gan réasún. 11 Mairg dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chuadar ar mearbhall ar nós Bhaláaim ar son tuarastail, agus do cailleadh iad i méirleachas Chóré. 12 Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh; 13 garbh‐thonna fairrge, ag brúchtadh a náire féin amach; réaltana seachránacha go bhfuil dorchacht an duibheachain fá n‐a gcómhair go deoidh. 14 Is d’á leithéidibh sin do rinne Énoch, duine de’n seachtmhadh glún ó Ádhamh, tarngaireacht, g‐á rádh, Féach, atá an Tighearna tagtha leis na míltibh móra d’á naomhaibh, 15 chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh. 16 Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin. 17 Acht, a cháirde ionmhaine, bidhidh‐se ag cuimhneamh ar na briathraibh do labhair abstail ár dTighearna Íosa Críost roimhe seo; 18 cionnas mar adubhradar libh, Ins an aimsir dheireannaigh béidh lucht magaidh ann, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta neimh‐dhiadha féin. 19 Is iad‐san do‐ghní deaghailte iad, dream colnaidhe, gan an Spiorad bheith aca. 20 Acht, a cháirde, tógaidh sibh féin ar bhun bhur gcreidimh shár‐naomhtha, ag urnaighe san Spiorad Naomh, 21 agus congbhuighidh sibh féin i ngrádh Dé, ag súil le trócaire ár dTighearna Íosa Críost chum na beathadh marthannaighe. 22 Déanaidh trócaire ar chuid de na daoinibh atá ioir dhá chómhairle; 23 saoraidh cuid eile, g‐á dtarrang as an teinidh; agus déanaidh trócaire ar chuid eile le h‐eagla; ag tabhairt fuatha do’n éadach féin atá saluighthe leis an gcolainn. 24 Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó bhur gcongbháil slán ó thuisleadh, agus bhur gcur i láthair a ghlóire gan smál, 25 lán de gháirdeachas, do’n Aon‐Dia amháin, ár Slánuightheoir, tré Íosa Críost ár dTighearna, dó‐san go raibh glóir, mórdhacht, neart agus cumhacht, mar bhí ariamh, mar tá anois, agus mar bhéas go saoghal na saoghal, Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society