Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Is iadsan lucht monabhair na míshástachta, a leanas a gcuid ainmhianta féin, a bhíos ag iarraidh gnaoi agus buntáiste a fháil le mórtas agus le béal bán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 As luch monmhuir, agus gearáin an dreamsa, bhíos ag siúbhal réir a nainmhían féin; agus agá labhrann a mbéul neithe aidhbhéil, maille ré bheith dhóibh ag déunamh iongantuis do phearsánuibh dáoineadh do ghrádh éudála.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n-ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:16
38 Tagairtí Cros  

Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann.


Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.


Agus do bhí na Fairisínigh agus a scríobhaidhthe ag ceasacht le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Cad chuige dhaoibh‐se bheith ag ól agus ag ithe i gcuideachtain poibleacán agus peacach?


Agus do bhí na h‐Iúdaigh ag ceisneamh ’n‐a thaobh, toisc go ndubhairt sé, Is mise an t‐arán tháinig anuas ó neamh.


Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh?


Agus ná déanaidh gearán, mar rinne cuid aca, gur mhill an scriosadóir iad.


Uime sin adeirim, Siubhlaidh do réir an Spioraid, agus ní chóimhlíonfaidh sibh mianghas na colna.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an cholainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaibh céasta aca.


Déanaidh gach nidh gan ceasnú, gan aighneas;


gan géilleadh d’ainmhian na drúise, mar ghníos na Cineadhaigh atá gan eolas ar Dhia;


conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.


Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin:


mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;


A cháirde ionmhaine, impidhim oraibh, mar dheoraidhthe agus mar oilithrigh, staonadh ó na h‐ainmhiantaibh colnaidhe do‐ghní troid i n‐aghaidh an anma.


chum nach gcaithfeadh sé a shaoghal ’n‐a dhiaidh sin do réir ainmhianta na ndaoine, acht do réir tola Dé.


iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar:


Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall:


agus a fhios agaibh ar dtús go dtiocfaidh lucht magaidh le sgige ins na laethibh deireannacha, ag leanamhain d’á n‐ainmhiantaibh féin,


chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh.


cionnas mar adubhradar libh, Ins an aimsir dheireannaigh béidh lucht magaidh ann, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta neimh‐dhiadha féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí