Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Is iad a mhilleas clú bhur bhfleánna geanmnaí grá, ag comhól le chéile go dána, gan aird acu ach ar a bpléisiúr féin; néalta neamhcheathacha ceo iad, á séideadh ag gaotha; crainn chríonta neamhthorthacha dheireadh fómhair, a fuair bás faoi dhó, agus a tarraingíodh as a bhfréamhacha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 As buill cháidheacha íad so ann bhur bhféusduighibh grádga, an tan bhíd ar fhéusda maille ribh, dá mbeathughadh féin gan fhaitcheas ar bith: neóill gan uisge, dá mbreith fá gcuáirt ris na gáothuibh; crainn do mheath, ar nach bhfuil toradh, do éug fá dhó, ar na mbuáin as a bhfréumhach;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire dá tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, dá scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:12
35 Tagairtí Cros  

agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Gach plannda nár chuir m’Athair neamhdhasa, tarraingeochar é as a fhréamhachaibh.


agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é; agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.


Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;


Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:


Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:


Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige.


chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:


gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.


Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.


Ná bidhidh d’bhur bhfuadach ag teagascaibh éagsamhla, aisteacha; óir is maith go gcothóchaidhe an croidhe le grása, ní le biadhaibh do bhí gan tairbhe ariamh do na daoinibh do ghnáthuigh iad.


Do chaitheabhar bhur saoghal ar talamh le macnas agus le pléisiúr; do bhí an‐tsásamh croidhe agaibh i ló an áir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí