Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Mairg dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chuadar ar mearbhall ar nós Bhaláaim ar son tuarastail, agus do cailleadh iad i méirleachas Chóré.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Is mairg dár shiúil slí Cháin, agus a dʼimigh ar seachrán mar Bhálám ar thóir airgid íoctha, agus dár cailleadh i gceannairc Chórah.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Budh hanáoibhinn dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chúadar amúgha tré mhéalltóireachd thúarasduil Bhálaaim, agus do sgriosadh iad tré bheith dhóibh comhchonntrardha re Córe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Is mairg dóibh! Óir dʼimigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:11
21 Tagairtí Cros  

Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.


Is tré chreideamh d’ofráil Aibial do Dhia íodhbairt dob’ fhearr ’ná íodhbairt Cháin; agus d’á bhárr sin fuair sé an teist gurbh fhíréan é, Dia ag glacadh le n‐a thíodhlaicthibh: agus d’á bhárr sin labhrann sé fós, agus é marbh.


mic mallachtan is eadh iad. Ag tréigean na slighe dírighe dhóibh, do chuadar ar seachrán, ag leanamhain luirg Bhálaam mhic Bhosóir, do chuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra;


ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta.


Acht atá beagán agam le rádh it’ aghaidh, de bhrigh go bhfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de theagasc Bhaláaim, an té do mhúin do Bhalac ceap tuislidh do chur roimh chlainn Israel, chum neithe do bhí íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe, agus chum striapachas do chleachtadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí