Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Acht Micheál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diabhal dó, ag aighneas fá chorp Mhaoise, níor lámh sé a chúisiú go masluightheach, acht adubhairt, Go smachtuighidh an Tighearna thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ach nuair a bhí an t-ardaingeal Mícheál ag díospóireacht leis an diabhal, ag coimhlint i dtaobh chorp Mhaois, ní raibh sé de dhánacht aige breith mhaslach a thabhairt air, agus ní dúirt sé ach, “Go gceartaí an Tiarna thú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Gidheadh Míchael an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé a nadhuigh an díabhail agus do rinne sé diosbóireachd a dtimchioll chuirp Mháoise, níor lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd a dubhairt sé, Go nimdhearga an Tíghearna thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ach nuair a bhí Micheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:9
16 Tagairtí Cros  

Agus na daoine do ghabhadh thairis, thugaidís masla dhó ag crothadh a gceann, agus iad ’g‐a rádh, Há! thusa leagas an teampall, agus thógas é i gceann trí lá,


Óir tiocfaidh an Tighearna ó na flaitheasaibh anuas le gáir, le guth an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairbh i gCríost is túisce éireochas:


gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht.


a fhad is na h‐aingle féin, gidh gur mó a neart agus a gcumas, nach dtugann siad breith masluightheach ’n‐a n‐aghaidh i bhfiadhnaise an Tighearna.


Agus do bhí cogadh ar neamh: Micheál agus a aingle ag troid i h‐aghaidh an drágúin; agus do throid an dragún agus a aingle:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí