Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus an tSodóm agus Gomora agus na cathracha máguaird, a chuaigh le drúis agus a dʼimigh le hainmhianta mínádúrtha, tá sampla déanta díobh freisin, agus pionós á imirt orthu ag tinte na síoraíochta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtimchioll, noch do lean do dhrúis air an modh céudna sin, agus do lean dainmhíanuibh coimhthigheacha na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh síorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ba é an dála céanna é ag Sodam agus Gomóra, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siad-san freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt phionós na tine síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:7
27 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Acht adeirim libh, gur saoráidighe do dhúthaigh Shodoim, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhuit‐se.


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


acht an lá ’n‐ar imthigh Loth amach as Sodom, do thuit cioth teineadh agus ruibhe ó neamh anuas, gur scrios sé iad go léir.


Nach bhfuil a fhios agaibh nach sealbhóchaidh lucht éagcóra ríoghacht Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfaighidh lucht striapachais, ná lucht íodhal‐adhartha, ná lucht adhaltrannais, ná lucht macnais, ná sodamaigh, ná gadaidhthe,


agus suaimhneas i n‐éinfheacht linne do thabhairt daoibh‐se, nuair foillseochar an Tighearna Íosa ó neamh, mar aon le h‐ainglibh a chumhachta,


i lasrachaibh teineadh, ag agairt díoghaltais ar an dream nár chuir eolas ar Dhia, agus ar na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal ár dTighearna Íosa:


Agus leanfaidh mórán a slighthe déisteannacha; agus maslóchar slighe na fírinne mar gheall ortha.


agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin;


gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí