Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár choimheád a ngradam féin, acht do tréig a n‐áitreabh, atáid d’á gcongbháil fá shlabhraibh síorraidhe, i ndorchadas, fá chómhair breitheamhnas an lae mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus na haingil úd nár fhan san ionad ba dhual dóibh, agus a dʼfhág a n-áitreabh, tá siad á dtaisceadh aige le haghaidh lá mór an bhreithiúnais sa dorchadas atá thíos agus slabhraí síoraí á gcuibhriú;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Na haingil mar an gcéudna nár choimhéid an cheúd sdaid ann a rabhadar, achd do fhág a nionad comhnuighe féin, do choimhéid sé íad a ngeimhlibh síorrúidhe fá dhorchadas chum breitheamhnuis an láe mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a dʼfhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhrigh shíoraí thíos in Ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:6
12 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?


Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé:


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, acht leis na flaitheasaibh, leis na cumhachtaibh, le tioránachaibh árd‐réime an domhain dorcha so, le sluaighte deamhnaidhe an uilc ins na réigiúnaibh uachtarachta.


acht ag feitheamh fá chrith‐eagla leis an mbreitheamhnas, agus le teinidh fhíochmhair shloigfeas náimhde Dé.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;


is eol do’n Tighearna cionnas na fíréin do thabhairt slán as cathuighthibh, agus na neimh‐fhíréin do chongbháil fá phionós fá chómhair lae an bhreitheamhnais;


garbh‐thonna fairrge, ag brúchtadh a náire féin amach; réaltana seachránacha go bhfuil dorchacht an duibheachain fá n‐a gcómhair go deoidh.


Agus do teilgeadh an diabhal do mheall iad isteach i loch na teineadh agus na ruibhe, mar a bhfuil an t‐ainmhidhe agus an fáidh bréige; agus béidh siad d’á gciapadh de ló agus d’oidhche go saoghal na saoghal.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐nathair nimhe, gur ab é an Diabhal agus Sátan é, agus do cheangail sé míle bliadhain é,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí