Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iúd 1:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 saoraidh cuid eile, g‐á dtarrang as an teinidh; agus déanaidh trócaire ar chuid eile le h‐eagla; ag tabhairt fuatha do’n éadach féin atá saluighthe leis an gcolainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 agus cuirigí tarrtháil ar chuid eile acu, á dtarraingt amach as an tine; agus déanaigí an trócaire ar an gcuid eile a ligeann an eagla daoibh, agus bíodh gráin agaibh go fiú ar an éadach sin ar chuir an cholainn smál salach air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus sáoruidh dream eile ré faitcheas, dá dtarruing as an dteine; agus fos bíodh fúath aguibh do néudach atá ar na shalchadh ón gcoluinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:23
21 Tagairtí Cros  

d’fhéachain, má’s féidir dhom, ar chor ar bith, mo bhráithre do réir feola do bhrostú chum éada, agus cuid aca do shlánú.


Ná mealltar sibh: Truailligheann drochch‐uideachta deagh‐bhéasa.


Má dóightear obair aon duine, béidh caill air: acht saorfar é féin; amhail agus dá mba tré theinidh é.


Mar sin de, de bhrigh gur ab eol dúinn eagla an Tighearna, táimíd d’iarraidh na daoine do spreagadh, agus aithnigheann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aithnigheann sibh‐se ’n‐bhur gcroidheachaibh sinn, leis.


Agus má tá aon duine nach n‐umhluigheann d’ár bhfocal san eipistil seo, tabhraidh aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a chuideachtain, chum go gcuirfidhe náire air.


Tabhair aire dhuit féin agus dod’ theagasc; lean díobh; óir, g‐á dhéanamh dhuit, saorfair thú féin agus iad‐san éisteas leat.


óir an té bheannuigheas dó atá sé páirteach ’n‐a dhroch‐ghníomharthaibh.


Déanaidh trócaire ar chuid de na daoinibh atá ioir dhá chómhairle;


cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.


Acht atá beagán daoine i Sárdis nár shaluigh a n‐éadaighe: agus siubhalfaid‐sean i n‐éinfheacht liom i n‐éadaighibh geala; óir is fiú iad é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí